Entertainment

Kneecap ar tí spraoi na Gaeilge a roinnt leis an domhan

Tá an chéad lán-albam ó na rapairí Gaeilge ag teacht amach inniu agus ráchairt mhór ar an cheol spleodrach agus na liricí conspóideacha fud fad na cruinne

Kneecap at Sundance
Already this year, Kneecap have brought a taste of the north to the Sundance Film Festival. Now, the Belfast trio are unleashing their debut album...

Traidhfil maith de bhlianta ó shin, bhí mé i lár chathair Bhéal Feirste nuair a chuala mé ceoltóir sráide ag canadh, Grace. Baineadh geit asam go raibh amhrán grá atá suite in Éirí Amach na Cásca, 1916 á cheol go hoscailte sa chathair Aontachtach seo ach mar a cheol Bob Dylan, bhí na saolta ag athrú.

Léim chun cinn agus tá an buscálaí céanna ag ceol os comhair na mílte duine óg ar fud na cruinne mar bhall den ghrúpa Kneecap.

Mar a dúirt WB Yeats ina dhán Easter 1916, “tá gach rud athraithe, athraithe as a riocht, tá áilleacht uafásach i ndiaidh teacht ar an saol.”

Agus sin agaibh Kneecap, buíon atá fréamhaithe i bpolaitíocht na hÉireann, go háirithe sa Stát ó thuaidh, agus sa chos ar bolg a bhí ag na húdaráis ar chultúr na nGael.

Cé nár mhair siad fríd na Trioblóidí, imríonn siad tionchar ar DJ Provaí, Mowgli Bap agus Mo Chara fríd thaithí a dteaghlaigh agus a bpobal anuas ar an ghnáthnaimdeas a bhíonn idir daoine óga den aicme oibre agus na póilíní.



Coinníodh an Ghaeilge faoi smacht ó bunaíodh an stát ach tá lúcháir daoine atá ag teacht amach as an dorchadas i dtreo an tsolais in amhráin Kneecap.

Tá an todhchaí geal, tá sí Gaelach agus tá sí le cluinstin iba gcéad albam, Fine Art.

Pléann a gcuid amhrán le saol laethúil sraith éigin de dhaoine óga nach mbainfidh University Challenge amach choíche, a dtaitníonn leo drugaí agus cuideachta a chéile i bPáirc na bhFál, nó i gclubanna oíche nó i dtithe a chéile, iad ag déanamh na rudaí a dhéanann daoine óga nuair atá na tuismitheoirí sa bhaile ag breathnú ar an Antiques Road ShowReal Housewives of Cheshire.

Tá tagairtí do dhrugaí síos frid Fine Art ach deir na baill nach bhfuil siad ag gríosú daoine drugaí a ghlacadh ach go bhfuil siad ag léiriú saol an lae inniu mar atá sé i measc sciar den aos óg.

Tá an áilleacht agus an t-uafás le mothú san albam.

Don Ghaeilgeoir óg, tá sé spreagúil agus lúcháireach go bhfuil a macasamhla ag ceol ar ardáin ar fud na cruinne – gan a gcreidiúint sráide a chailleadh.

Tá luach breise leis an teanga dhamanta seo a bhfuil siad á foghlaim ar scoil. Baineann sé le saol s’acu agus tá siad in ann an teanga a mhúnlú de réir mar a fhóireann sé dóibh.

Tosaíonn Fine Art le 3CAG (a chiallaíonn 3 chonsain agus guta, ie MDMA, druga cosúil le Ecstacy a n-eascraíonn siabhránacht as.)

Tá Radie Peat ó Lankum ar an rian agus an ceol mar a bheadh fuaimrian scannáin ann, é fairsing, fadréimseach, neamhshaolta.

Tá muid ar thuras inmheánach– we’re on a trip – i dteach tábhairne ina mbuaileann muid le carachtair de gach cineál.

Iontas na n-iontas, cé atá ar an teidealrian ach an fear a bhronn an teideal orthu, Stephen Nolan, a dúirt ar a chlár raidió gur mhaígh Kneecap gur “fine art” a bhí i múrphictiúr dá gcuid a léirigh carr póilíní trí thine.

The cover of Kneecap's Fine Art
Fine Art is out now

Cheana féin, tá gluaiseacht agus rithimí ag seasamh amach – a bhuíochas don léiritheoir Toddla T (fear céile Annie Mac) – agus tá an seandhuine féin i gcoirnéal an bheáir mheafaraí agus gach duine eile ag luascadh leis an fhuaim ghríosaitheach. Níl neart acu air.

Tá meascán mearaí de stíleanna ann ó cheol traidisiúnta, go grime agus rave ach maireann an fuinneamh ar ardchaighdeán síos fríd.

Tá béarlagair dá chuid féin ag Kneecap, go háirithe agus iad ag ceol faoi dhrugaí. Is cineál foclóir Dineen do Ghlúin Z é agus mionnaí móra, frásaí Norn Iron, agus manaí polaitiúla fite fuaite ann.

“So goitse, cogar, cloígh leat féin is ná héist le haon f****r

Ní thuigeann siad tusa mar a thuigeann tusa tusa, níor shiúil siad i do chosa.”



Tá na focail i nGaeilge ach spreagfadh an ghairm chun meas a bheith agat ort féin ógánach ar bith, is cuma cé acu dílseoir óg ar an tSeanchill é/í nó poblachtánach as Andytown agus sin an fáth go bhfuil dúil ag an oiread sin daoine i gceol Kneecap taobh amuigh dá ngnáthóg nádúrtha.

Tá Kneecap go láidir frithbhunaíochta mar is dual do dhaoine óga agus síos fríd a gcuid amhrán, cuireann siad crua ar na péas, ar pholaiteoirí agus orthu sin ina bpobail féin nach dtuigeann a bhfuil ar siúl acu.

Tá siad ann a deir go bhfuil an bhuíon ciniciúil agus go santaíonn siad conspóidí ar mhaithe le poiblíocht amháin agus go bhfuil ábhar a gcuid amhrán dírithe ar chur isteach ar dhaoine ach léiríonn cinneadh s’acu tarraingt amach as an ollfhéile ceoil SxSW nuair a chuala siad go raibh tacaíocht á fáil aige ó chomhlachtaí arm agus Arm na Stát Aontaithe Mheiriceá.

Léirigh sin crógacht agus inchreidteacht na buíne.

Agus an t-albam spreagúil, glórmhar, greannmhar seo amuigh, beidh deis ag daoine amharc taobh thiar de na cinnlínte agus an fíorKneecap a chluinstin.

Déanaigí réidh don turas!