Tá cara agam darb ainm Luciana de Mello, arb as an Airgintín ó dhúchas dí, agus í ina húdar, ina scríbhneoir scripte agus ina theagascóir ar an scríbhneoireacht chruthaitheach.
Sa rang scríbhneoireachta, spreagann sí daoine amharc ar a saol féin le teacht ar na scéalta atá i bhfolach iontu.
Ag caint léi le gairid, chuir sí ceist orm faoi mo scéalta féin agus chuir sé iontas orm, dá oiread a smaoinigh mé, b’amhlaidh ba mhó scéalta a tháinig chun cinn.
Níl ionamsa ach duine amháin agus de réir an daonáirimh is déanaí, tá 348,005 duine ina gcónaí sa chathair cois an Lagáin. Cad é na scéalta a bheadh acu sin? Agus níl mé ag caint ar na Trioblóidí amháin.
Na gnáthscéalta a bhaineann leis an óige, leis an ghrá, le cúrsaí oibre, leis na rudaí a chuir daoine ag caoineadh nó ag gáire.
Na coirmeacha nach ndéanfaidh siad dearmad orthu, na scoileanna ar a d’fhreastail siad agus mar sin de.
Le blianta beaga anuas, tá sé beartaithe ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste cuid de na scéalta sin a bhailiú le chéile i dtionscadal mór darb ainm Belfast Stories/Scéalta Bhéal Feirste atá in ainm is a bheith oscailte faoi 2028.
Deir an Chomhairle go bhfuil bunús simplí leis an tionscadal.
“Trí scéalta aonair na ndaoine a chuir fúthu nó a thug cuairt ar Bhéal Feirste a bhailiú, is féidir linn a spiorad uathúil a ghabháil,” a deir siad.
Margaíochtís go cinnte, ach is maith liom é!
Sin ráite, níl sé soiléir go fóill an mbeidh “spiorad uathúil” Ghaeil Bhéal Feirste ag teacht fríd an togra a bheidh lonnaithe i seanBhanc na hÉireann i lár na cathrach, áit a mbuaileann an Ascaill Ríoga leis an tSráid Thuaidh.
Ach is féidir le Gaeil a bhfís féin faoi Scéalta Bhéal Feirste a chur chun cinn i gComhairliúchán Poiblí de chuid na Comhairle atá ar siúl ó bhí Samhain 2024 ann agus a thiocfaidh chun críche ar an 23 Feabhra 2025 – ní ach 18 lá le dul!
Rith sé liom go mbeadh cuimhní iontacha ag daoine ar fud na cathrach agus taobh amuigh agus an Ghaeilge i gcroílár iontu.
Na daoine sin a bhunaigh Bóthar Seoighe, arbh fhiú foirgneamh dá gcuid féin; muintir Chumann Chluain Ard a d’aidhn an tine beo ó na 1930idí ar aghaidh; bunaitheoirí na hArdscoile agus na Cultúrlainne; Gaeil mhisniúla oirthear na cathrach.
Ach ba cheart go dtabharfaí deis do Ghaeil óga Bhéal Feirste, glúin Kneecap, faoina dtaithí, faoi mar a fheiceann siad saol na Gaeilge níos faide anonn san 21ú haois.
Tá caibidil sa chomhairliúchán darb ainm Beo o Deo agus chuir sé an Ghaeilge i gcuimhne dom. Ar sé:
“Feidhmeoidh Scéalta Bhéal Feirste mar áit ina dtig le daoine teacht le chéile, labhairt agus pleanáil don todhchaí le chéile.
“Áit don úrnuacht agus don fhiontraíocht. Áit a chuideoidh le Béal Feirste éirí cáiliúil as a bheith ina spiorad saor agus ina fórsa cruthaitheach.
“Beidh sé lonnaithe i bhfoirgneamh a mbeidh cuma ghalánta air agus mothúchán speisialta ann.
“Mar is eol dúinn, níl i bhfoirgneamh ar bith, is cuma cad é chomh húsáideach nó chomh tarraingteach is atá sé, ach socrú sealadach agus leochaileach – ach scéalta, maireann scéalta go deo.”
Agus le bheith cinnte go mbeidh guthanna na nGael le cluinstin i Scéalta Bhéal Feirste, is fiú dul i ngleic leis an chomhairliúchan phoiblí ar cheann ar bith de na dóigheanna seo:
Faigh tuilleadh eolais agus líon isteach an suirbhé ar líne trí chuairt a thabhairt ar: yoursay.belfastcity.gov.uk/belfast-stories nó thig leat cóip chlóite den suirbhé a iarraidh fosta agus tá sé ar fáil i nGaeilge. Tá cóip agam féin.
Is féidir Belfast Stories/Scéalta Bhéal Feirste a leanúint ar na meáin shóisialta leis an nuacht is déanaí a fháil, ar Facebook @belfaststories nó ar Instagram@belfast_stories
Chomh maith, tá eolas cothrom le dáta faoin tionscadal ar an suíomh idirlín agus thig leat clárú le nuashonruithe a fháil ar ríomhphost: www.belfastcity.gov.uk/belfaststories
Ar deireadh, is féidir teagmháil a dhéanamh le Scéalta Bhéal Feirste ar 028 9032 0202 nó ó belfaststories@belfastcity.gov.uk
Thug Seán de Fréine “The Great Silence” ar an ghanntanas díospóireachta ar an aistriú ollmhór teanga ó Ghaeilge go Béarla a tharla in Éirinn.
Bíodh deireadh leis an tost sin sa lá atá inniu ann.