Seinneadh Hail to the Chief go minic Dé Luain agus Donald John Trump á insealbhú mar an 47ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Insealbhaíodh é mar an 45ú hUachtarán ocht mbliana ó shin ach tá Trump ar ais agus clár oibre radacach os a chomhair.
Tá daoine eile ag úsáid an fhocail “faisisteach” ar an chlár chéanna agus is furasta a thuigbheáil cad chuige.
Shínigh Trump na dosaein Ordú Feidhmiúcháin ar a chéad lá mar Uachtarán agus beidh tionchair thromchúiseacha ag cuid acu ar gach tír ar domhan, Éire san áireamh ar ndóigh.
Fuair muid léiriú luath ar na beartais a bhí Trump, billiúnaithe ardteicneolaíochta agus dílseoirí MAGA ag pleanáil i gcáipéis darbh ainm Project 2025.
Is táirge de chuid an Fhorais Oidhreachta é Project 2025, ceann de na meithleacha machnaimh is suntasaí i Washington.
Chuir níos mó ná 100 eagraíocht choimeádach leis an doiciméad, go leor acu a mbeidh an-tionchar acu ar Washington anois, a deir siad.
Doiciméad 900 leathanach atá ann ach rinne an tráchtaire polaitíochta Mehdi Hasan achoimre dhá bhomaite de – agus chuir mise Gaeilge air.
Déanaigí bhur machnamh féin air ...
Caibidil 1: Tá Comhairle an Tí Bháin ceaptha le comhairle neamhspleách dlí a thabhairt don Uachtarán ach athróidh Trump é ina fhórsa gníomhaíoch a chuirfidh clár oibre an Uachtaráin i bhfeidhm.
Caibidil 2: duine ar bith sa Chomhairle Slándála Náisiúnta nó san Oifig Bhainistíochta agus Buiséid atá “ró-dhúisithe” nó nach bhfuil go hiomlán i bhfách le clár oibre an Uachtaráin a ruaigeadh as oifig.
Caibidil 3: dílseoirí MAGA a chur in ionad na mílte státseirbhíseach gairme.
Caibidil 4: an buiséad cosanta a mhéadú go mór agus cur le líon na n-arm núicléacha; stad a chur le bac ar bith ar airm a dhíol agus saighdiúir trasinscne a ruaigeadh as an Arm.
Caibidil 5: cur le díbirt inimircigh gan cháipéisí agus é a dhéanamh níos éasca páistí a choinneáil i gcampaí coinneála; ligean d’oifigigh ICE imircigh a ghabhadh áit ar bith sna Stáit Aontaithe, fiú gan barántas.
Caibidil 6: Stop a chur le maoiniú Údarás na Palaistíne: beartas dian tearmainn maidir le Meicsiceo a thabhairt ar ais, agus srian a chur ar mhaoiniú eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós an WHO;
Caibidil 7: dlús a chur le húsáid oibríochtaí ceilte agus úsáid a bhaint as an CIA chun clár oibre an Uachtaráin a chur i bhfeidhm.
Caibidil 8: maoiniú a stopadh d’eagraíochtaí nuachta ar an eite chlé, leithéidí NPR agus PBS;
Caibidil 9: fáil réidh le gach beartas aeráide ón chlár chúnaimh eachtraigh.
Caibidil 10: srian a chur le stampaí bia le haghaidh béilí réamhscoile i gceantair scoile ar ioncam íseal.
Caibidil 11: deireadh a chur leis an Roinn Oideachais.
Caibidil 12: cláir fuinnimh in-athnuaite a stopadh agus an bonneagar gáis nádúrtha a leathnú go mór.
Caibidil 13: an EPA a chrapadh agus an Oifig um Cheartas Comhshaoil a dhúnadh.
Caibidil 14: fáil réidh le Head Start do theaghlaigh ar ioncam íseal agus toirmeasc ar an phiolla ginmhillte Mifepristone.
Caibidil 15: cosc ar gach neamhshaoránach cónaí i dtithíocht fhóirdheonaithe ag an rialtas, fiú má tá siad ina gcónaí i dteaghlach le saoránaigh.
Caibidil 16: an tAcht um Speicis i mBaol a lagú agus druileáil ola in Alasca a leathnú go suntasach.
Caibidil 17: cumhacht a thabhairt don Uachtarán an freasúra a fhiosrú tríd an DOJ agus deireadh a chur le
neamhspleáchas an FBI.
Caibidil 18: é a dhéanamh níos fusa do ghnólachtaí idirdhealú a dhéanamh ar bhonn saoirse creidimh agus, ar ndóigh, cine.
Caibidil 19: srian a chur ar chumas an Environmental Protection Agency astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin a rialáil.
Caibidil 20: iallach a chur ar an Roinn Gnóthaí Seansaighdiúirí seirbhísí ginmhillte agus máinliacht dearbhaithe inscne a urghabháil.
Caibidil 21: aird an Ghníomhaireacht Forbartha Gnó a dhíriú ar olc an tsóisialachais agus an chumannachais.
Caibidil 22: cánacha a mhéadú ar na milliúin teaghlach meánaicmeacha agus iad sin atá ar ioncam íseal
Caibidil 23: racht fada i gcoinne na Síne.
Caibidil 24: ar cheart dúinn an caighdeán óir a thabhairt ar ais?
Caibidil 25: pionós a ghearradh ar Planned Parenthood as iasachtaí faoisimh Covid-19 a fháil.
Caibidil 26: tabhair níos mó de chumhacht na Comhdhála comhaontuithe trádála a dhéanamh don uachtarán
Caibidil 27: deireadh a chur leis an Bhiúró um Chosaint Airgeadais do Thomhaltóirí, eagraíocht a shábháil tomhaltóirí na deicheanna de mhilliún dollar.
Caibidil 28: teorainn a chur le modhnóireacht ábhair ar ardáin na meán sóisialta, fág fuathchaint amháin
Caibidil 29: cuir deireadh le cumhacht an Choimisiúin um Thoghcháin Feidearálach sáruithe ar dhlí toghcháin agus feachtais a ionchúiseamh;
Caibidil 30: gabh i ndiaidh cuideachtaí a chleachtann ESG (Environmental, Social and Governance), DEI (Diversity, Equity, and Inclusion), agus cláir freagrachta sóisialta corparáidí eile.
Is éigean a rá nach plean oifigiúil de chuid Trump é Project 2025 ach d’oibir cuid mhór dá lucht leanúna air agus d’fhéadfadh sé a bheith mar chlár oibre Donald Trump sna blianta atá romhainn, beartais a mbeidh tionchar ollmhór acu ar thodhchaí na cruinne, dar le Mehdi Hasan.